Le blianta beaga anuas, díríonn curaclam Scoil Samhraidh Seandálaíochta an Ath. James McDyer, atá breis is 40 bliain ar an fhód anois, ar rannpháirithe nua a mhealladh, mar aon leis na mic léinn siúd ar mian leo filleadh ar mhaithe le tabhairt faoi staidéar níos cuimsithí.
Teideal | Suíomh | Praghas | |
Dé Sathairn, 2 Lúnasa 2025 — Dé Sathairn, 9 Lúnasa 2025
|
|||
Seandálaíocht | Gleann Cholm Cille | €210 | Cláraigh |
Is i nGleann Cholm Cille agus sa cheantar máguaird in iardheisceart Thír Chonaill atá cuid de na struchtúir réamhstairiúla agus luathstairiúla is spéisiúla in Éirinn (san Eoraip, a mhaífeadh daoine áirithe). Tá an tírdhreach álainn shaibhir seo breac le séadchomharthaí ón tréimhse luath Neoiliteach (c. 4000BC); na cromleaca ollmhóra ag an Mhálainn Mhóir, agus na tuamaí cúirte mórthaibhseacha ag an Chlochán Mór agus ag Fearann Mac Giolla Bhríde, ina measc. Ba chuí an logainm a thugtaí ar an cheantar seo tráth - Senglenn (‘seanghleann’) - gan aon amhras.
Athraíodh an logainm sin sa ré mheánaoiseach (thart ar AD500-1600), áfach, in onóir duine de phríomhnaoimh na hÉireann: Colm Cille (sa Ghaeilge) nó Columba (sa Laidin). Tá sé sa bhéaloideas gur tháinig an naomh (c. AD520-593) chun an ghleanna agus gur bhunaigh sé eaglais ann. Oidhreacht thábhachtach ón Chríostú úd atá sa bhraisle crosleac atá ann go fóill (agus cuid acu chomh sean le AD800) mar aon le gnéithe eaglasta eile atá le fáil ar fud an ghleanna. Oidhreacht eile atá sa Turas nó oilithreacht a dhéantar ó shuíomh go suíomh sa ghleann, ar an 9 Meitheamh go príomha, an lá ar cailleadh an naomh agus lá a fhéile.
Dírítear an Scoil Samhraidh seo, agus í suite ar láthair rí-oiriúnach mar atá sa Ghleann, ar dhaoine fásta ar spéis leo seandálaíocht agus stair ársa na hÉireann. Ní gá réamheolas ar bith, díreach spéis sa téama agus fonn a bheith rannpháirteach sna seisiúin ar an láthair agus muid ag breithniú ar fhianaise na séadchomharthaí agus ar an chomhthéacs atá acu. Le cois na séadchomharthaí áitiúla, gheobhfar léargas ar sheandálaíocht na hÉireann i gcoitinne sa chúrsa seo.
Beidh roinnt fothéamaí ag eascairt as na láithreacha a dtabharfar cuairt orthu, téamaí a ndéanfar cíoradh orthu sna léachtaí agus sna seisiúin plé: (i) an tírdhreacha mar 'théacs' le léamh; (ii) an próiseas 'claochlaithe' trínar thiontaigh Éire na bpágánach Ceilteach go cultúr bisiúil Críostaí; (iii) na fadhbanna eiticiúla agus praiticiúla a bhaineann le caomhnú agus 'athchóiriú' séadchomharthaí ársa; agus (iv) mar a chuireann an tseandálaíocht ársa leis an phlé reatha ar an athrú aeráide.
Bíonn ranganna ar maidin agus tráthnóna ag na séadchomharthaí féin, diomaite de chuairt nó dhó ar láithreacha lasmuigh den Ghleann. Lena chois sin, beidh imeachtaí éagsúla ar siúl san oíche - go háirithe sraith léachtaí a thabharfaidh cúlra agus comhthéacs do na séadchomharthaí - agus, ar ndóigh, deis chun a bheith páirteach sa cheol, sa chraic agus sa chaidreamh iarscoile a shamhlaítear leis an Scoil Samhraidh seo ón uair a bhunaigh an tAth. James McDyer, nach maireann, í i gcomhpháirt leis an Ollamh Michael Herity sa bhliain 1985.
Tabhair do d'aire: Moltar do na rannpháirtithe éadaí maithe báistí agus buataisí siúil a bheith acu. Déantar an Scoil a reáchtáil ar bhonn dátheangach ach beidh gnéithe áirithe den chlár, na léachtaí go háirithe, ar siúl trí mheán an Bhéarla.
Tá clár na bliana seo á dhréachtadh faoi láthair. Féach thíos clár na bliana 2024 mar léiriú ar chineál na n-imeachtaí a bhíonn ar siúl i rith an chúrsa.
Dé SathairnRéamhrá
Dé DomhnaighSiúlóid sa Ghleann — 'an tírdhreach a léamh'
Léacht: 'Gleann Cholm Cille i gcomhthéacs na seandálaíochta Éireannaí'
Dé LuainAmuigh faoin aer - cuairt ar thuamaí réamhstairiúla (Neoiliteach) sa cheantar (10:00-17:00)
Iarrfar ar rannpháirtithe (a bheidh ag obair i ngrúpaí beaga) tabhairt faoi roinnt tascanna bunúsasach seandálaíochta mar léiriú ar an taighde allamuigh.
Dé MáirtTuras lae go Gartán - cuairt ar láithreacha sa cheantar a bhaineann le breith agus le hóige Cholm Cille.
Dé CéadaoinCuairt lae ar láithreacha lasmuigh den Ghleann: Cill Chluanadh, Inis Caoil, Cill Riáin, etc. (10:00-18:00)
Beidh an rogha láithreacha ag brath ar an taoide/aimsir áitiúil
DéardaoinAmuigh faoin aer (10:00-15:00)
Láithreacha cóngarach do Ghleann Cholm Cille: An Charraig, Cill Chartha, Na Sealbhaigh, Cill Leacht Aodha, Pointe Charraig an Rois.
Léacht mhaisithe leis an Dr Brian Lacey: 'Cothrom 1400 bliain ó rugadh Adomnán - duine de na Conallaigh is tábhachtaí ón mheán-aois luath' (19:30-21:00)
Dé hAoineAmuigh faoin aer (10:00-15:00)
Cuairt ar an Chlachán (Daonbhaile Ghleann Cholm Cille) chun comparáid a dhéanamh idir na struchtúir thraidisiúnta iar-mheánaoiseacha ansin agus tithe/lonnaíochtaí réamhstairiúla/meánaoiseacha. Siúlfar cuid de Thuras Cholm Cille chomh maith agus tabharfar léargas ar scéal Naomh Colm Cille, príomhnaomh an ghleanna.
Súil siar — 'Cad é a d'fhoghlaim muid an tseachtain seo?' (16:00-17:00)
Is é an Dr Brian Lacey, atá i ndiaidh a bheith ag déanamh taighde ar sheandálaíocht agus ar luathstair Dhún na nGall agus Dhoire le 40 bliain anuas, stiúrthóir Scoil Samhraidh an Ath. James McDyer 2025. Iar-ollamh ollscoile agus stiúrthóir músaeim i nDoire, ba é a bhí i bhfeighil ar shuirbhé seandálaíochta Dhún na nGall (1979-83). Príomhfheidhmeannach ar An Clár Fionnachtana, institiúid ardtaighde ar sheandálaíocht na hÉireann, a bhí ann ó 1998 go 2012. Is é seanchas Cholm Cille a phríomhréimse spéise. Tá 15 leabhar agus iliomad páipéar taighde foilsithe aige. Beidh Paula Harvey, seandálaí le breis agus 40 bliain taithí, páirteach sa Scoil chomh maith. Iar-léachtóir i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath, bhí sí ina Coimeádaí ar Mhúsaem an Chontae agus Comhairleoir Séadchomhartha Allamuigh le Comhairle Chontae Dhún na nGall. Bhí baint ag Paula le mórán tograí oidhreachta i nDún na nGall agus ar fud na hÉireann. Tá sí ina Cathaoirleach ar an ghrúpa Donegal GAP Heritage and History faoi láthair, grúpa a bhfuil caomhnú an Dúin (Damhros) mar phríomhthionscadal acu.
Chuir an tAth. James McDyer scoil samhraidh seandálaíochta Ghleann Cholm Cille ar bun sa bhliain 1973 leis an Oll. Michael Herity, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar stiúrthóir uirthi. Seo mar a rinne an tAth. McDyer cur síos ar shaibhreas na seandálaíochta i dTír Chonaill: ‘Rarely has the uncouth hand been raised to deface the monuments here. Never has the march of progress been allowed to brush them irreverently aside’. D'fheidhmigh an tOll. Herity mar stiúrthóir as sin go 2015. Cailleadh é, faraor, ar an 22 Eanáir 2016. Suaimhneas síoraí ar a anam.