Péintéireacht agus Sceitseáil

Timpeall ar thírdhreach éagsamhalta an chósta i Leithinis Shliabh Liag atá na cúrsaí seo suite agus tugtar cúram iontu do thosaitheoirí agus d’fheabhsaitheoirí araon. Ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha atá á stiúradh agus á dteagasc.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 6 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 13 Iúil 2024
Péintéireacht agus Sceitseáil LÁN! Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh
Dé Sathairn, 10 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 17 Lúnasa 2024
Péintéireacht agus Sceitseáil LÁN! Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

Scoil Péintéireachta, Líníochta agus Sceitseála Ghleann Cholm Cille

Á stiúradh ag na healaíontóirí gairmiúla Éireannacha Micheál Ó Dochartaigh agus Conal Mac a’ tSaoir.

I gcroílár leithinis Sliabh Liag i sliabhraon iardheisceart Dhún na nGall atá an Scoil Shamhraidh seo ar bun. Is iad tírdhreach agus imeallbhord cósta an limistéir is suíomh do na cúrsaí péintéireachta seo atá á dtairiscint do thosaitheoirí agus don dream a bhfuil feabhas uathu araon.

Clár laethúil solúbtha a bheidh ann agus dearbhaítear aire agus treoir phearsanta an aoi-theagascóra shárchumasaigh. Dhá sheisiún a bheidh ann gach lá de ghnáth, cuid acu i moch an lae, b’fhéidir, le breith ar éagsúlacht solais.

Ní gá do lucht an chúrsa ach ábhair a thabhairt leo le haghaidh an mheáin is fearr leo, cuir i gcás aicrilic, guais nó olaí; teastaíonn leabhar sceitseála chomh maith mar aon le rogha dhá nó trí cinn de scuaba. Moltar, lena chois sin, scian athchaite a thabhairt leat ar mhaithe le dathanna a mheascadh. Cuirfear ábhair áirithe eile a mbeidh gá leo ar fáil ar láthair an chúrsa.

Na teagascóirí

Is ealaíontóir é Micheál Ó Dochartaigh a bhíonn ag plé le réimse leathan meán: ola, aicrílic, crián, uisce-dhathú, grianghrafadóireacht, scannánaíocht, dúch agus peann luaidhe ina measc. Roghnaíodh a shaothar do thaispeántas bliantúil Acadamh Ríoga Uladh (Béal Feirste), don taispeántas ‘Ciall’ (Dún na nGall), don Trinity Buoy Wharf Drawing Prize (Londain), agus mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Syracuse (Nua-Eabhrac). Bhí sé páirteach sa chlár ealaíon Imeall ar TG4 agus sa scannán ‘Drawing on Life’, agus cuireadh a shaothar i gcló i leabhar sceitseála san fhoilseachán ‘Notations’. Tá roinnt dialann taistil mhaisithe foilsithe aige fosta.

Tá Conal Mac a’ tSaoir ina phéintéir agus ina mhúinteoir ealaíne a bhfuil taithí aige ar a bheith ag obair le go leor meán éagsúil. Rinne sé staidéar ar an ealaín i Luimneach agus i Londain. Chaith sé tréimhse sa mheánoirthear sular phill sé le socrú ina cheantar dúchais. Tá sé ina chomhordaitheoir ar scéim ealaíne pobail agus bíonn sé ag teagasc go rialta. Tá a chuid ealaíne le fáil i mbailiúcháin phríobháideacha in Éirinn agus ar fud an domhain. Is ball é de Chumann Ealaíontóirí na hÉireann.