Teanga agus Timpeallacht: Oidhreacht Ghleann Cholm Cille

Tá saibhreas ar leith ag baint le Gleann Cholm Cille idir timpeallacht, teanga, dúlra, seandálaíocht, stair, ealaín agus ceol an cheantair. Beidh deis agat blaiseadh a fháil de na gnéithe sin uilig sa chúrsa úr nuálaíoch seo, a chuirfear ar fáil sa seomra ranga agus amuigh faoin aer, agus do chuid Gaeilge labhartha á cleachtadh agat i rith an ama.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 15 Meitheamh 2024 — Dé Sathairn, 22 Meitheamh 2024
Teanga agus Timpeallacht (Gleann Cholm Cille) Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh

Úsáidfear meascán siúlóidí treoraithe, cur i láthair, teagasc sa seomra ranga, agus taispeántas amuigh faoin aer leis an chúrsa a chur ar fáil. D’fhéadfadh turas báid nó turas rothair a bheith i gceist fosta ach an aimsir a bheith fóirsteanach.

Beidh ranganna teanga i gceist i gcás suas le 50% den chúrsa, ach beidh Gaeilge á labhairt i ngach cuid den chlár agus beidh múinteoirí oilte ar fáil a chuideoidh leat feabhas a chur ar do chuid líofachta agus scileanna labhartha. Beidh fáilte roimh thosaitheoirí agus roimh chainteoirí cumasacha araon agus roinnfear na rannpháirtithe i ngrúpaí éagsúla i rith na seachtaine ar dhóigh a fhágfaidh go mbainfidh siad an buntáiste is fearr as an tseachtain.

Ar na hábhair a phléifear sa chúrsa beidh:

  • Flóra, fána agus gnáthóga áitiúla
  • Canúint Ghaeilge Ghleann Cholm Cille
  • Seandálaíocht Neoiliteach agus luath-Chríostaí
  • Oidhreacht Naomh Colm Cille
  • Béaloideas an cheantair
  • An iascaireacht agus an fharraige
  • Traidisiún ceoil dúchais iardheisceart Dhún na nGall

Ní cúrsa siúl sléibhe é seo: ní bheidh na siúlóidí ródheacair ach ní mór a chinntiú go mbeidh éadach maith báistí agus bróga compordacha agat.