Cúrsaí agus Leibhéil

Tabhair do d'aire: Léiríonn an t-eolas thíos gnáthchlár na gcúrsaí in Oideas Gael. B'fhéidir go ndéanfaí leasú ar ghnéithe áirithe den chlár i bhfianaise threoir sláinte reatha Rialtas na hÉireann i leith COVID-19. Cuirfear rannpháirtithe ar an eolas maidir le leasuithe ar bith ar an chlár roimh thús an chúrsa.

An bhfuil riachtanais ar bith do na cúrsaí?Níl. Má tá tú os cionn seacht mbliana déag d’aois is féidir leat cúrsa de chuid Oideas Gael a dhéanamh. Níl cáilíocht ar bith ag teastáil ach amháin go bhfuil suim agat Gaeilge a fhoghlaim nó do chuid Gaeilge féin a fheabhsú. Bíonn idir óg is aosta, idir ghlantosaitheoirí agus chainteoirí líofa ina rannpháirtithe; cinntíonn sé seo timpeallacht agus dinimic fhuinniúil foghlama agus gach duine ag cuidiú lena chéile mar fhoireann.

Cén sórt duine a fhreastalaíonn ar chúrsa de chuid Oideas Gael?Bhí breis is 1,800 duine ina rannpháirtithe ar chúrsaí na bliana 2019. Éireannaigh ab ea breis agus 50% den lucht freastail agus tháinig an chuid eile as tríocha tír éagsúla. Bíonn gach saghas cúlra sóisialta i gceist, idir óg agus aosta, idir Éireannaigh agus dhaoine nach bhfuil sinsir Éireannacha ar bith acu fiú.

An féidir liom clárú ar níos mó ná cúrsa amháin in aon seachtain amháin?Ní féidir. Bíonn rannpháirtíocht lae i gceist le formhór na gcúrsaí.

Cé mhéad duine a fhreastalaíonn ar chúrsa?Braitheann sé ar an chuid den bhliain atá i gceist. Bíonn ár gcuid cúrsaí um Cháisc, i mí Iúil agus i mí Lúnasa an-ghnóthach le breis is seasca duine an cúrsa. Is í ár scoil samhraidh teanga agus cultúir an tseachtain is gnóthaí atá againn; bíonn os cionn céad duine againn, de ghnáth, in ocht leibhéal éagsúla. Bíonn idir fiche is tríocha rannpháirtí ar chúrsaí mhí an Mheithimh.

Cé mhéad duine a bhíonn i ngach leibhéal ranga?Bíonn cóimheas de theagascóir amháin in aghaidh gach cúig foghlaimeoir déag againn. Bíonn trí leibhéal ar a laghad ann i gcónaí, agus suas go dtí 45 foghlaimeoir sna trí leibhéal sin. Beidh leibhéal breise ann i gcás gach 15 rannpháirtí sa bhreis. Thiocfadh le suas go dtí sé leibhéal a bheith ann i gcás cúrsaí áirithe.

An féidir liom fanacht ar feadh níos mó ná seachtain amháin?Is féidir, cinnte! Cláraíonn go leor rannpháirtithe ar feadh coicíse nó níos mó ná sin. Déanann daoine áirithe cúrsa Gaeilge ar feadh coicíse agus ansin cúrsa gníomhaíochta, ar nós cúrsa feadóige nó siúil, díreach ina dhiaidh sin. Bíonn foghlaimeoirí a bhíonn i mbun na Gaeilge ar feadh níos mó ná seachtain amháin, de ghnáth, in ann tabhairt faoin chéad leibhéal eile gach seachtain ina dhiaidh sin. Braitheann sé seo, ar ndóigh, ar do dhul chun cinn agus inniúlacht féin. Déanann foghlaimeoirí áirithe cinneadh, más glantosaitheoirí iad, tabhairt faoin leibhéal céanna arís ar mhaithe le sealbhú na teanga a threisiú. Molann muid dóibh siúd a bhfuil sé i gceist acu staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge ar feadh níos mó ná tréimhse ceithre seachtaine sos a thabhairt i ndiaidh an tríú seachtain agus gníomhaíocht eile a dhéanamh, b’fhéidir. Bíonn na cúrsaí measartha dian – ach arís braitheann sé seo ar do mhianach agus teacht aniar pearsanta féin.

Cé chomh luath ar cheart dom clárú roimh chúrsa?Moltar duit clárú a dhéanamh mí amháin roimh an chúrsa ar a laghad. Bíonn an-ráchairt ar na cúrsaí seachtaine i mí Iúil agus i mí Lúnasa go hiondúil faoi mar a bhíonn i gcás na gcúrsaí deireadh seachtaine i rith na bliana uilig.

Cad é an modh íocaíochta is fearr?Is féidir leat íoc le cárta creidmheasa, cárta dochair, aistriú bainc (seol rphost chugainn i gcomhair na sonraí bainc) nó le seic. Teastaíonn íocaíocht uainn ar chlárú duit don chéad chúrsa. Is féidir é seo a dhéanamh ar líne, ar an ghuthán, nó ar Skype. Is féidir an t-iarmhéid (sa chás go mbeidh tú ag freastal ar níos mó ná cúrsa amháin) a íoc sula dtiocfaidh tú, nó agus tú anseo. Íoctar na táillí lóistín, agus tú anseo, go luath sa tseachtain agus bíonn sé níos fearr má bhíonn airgead tirim agat de bharr nach mbíonn áiseanna próiseála cártaí creidmheasa ag an chuid is mó de na tithe lóistín.

Cén dóigh a ndéanfar cinneadh cé acu leibhéal teanga is fearr dom?Buaileann duine den fhoireann le gach foghlaimeoir i ndiaidh dó/di teacht agus pléitear a c(h)uid taithí le foghlaim teangacha, más ann di. Eagraítear seisiún socraithe ranganna ag tús gach cúrsa leis an ghrúpa uilig; éiríonn linn de ghnáth, le cabhair ó na rannpháirtithe féin, an leibhéal cuí a aimsiú… Glantosaitheoirí a bhíonn i Leibhéal 1. Bíonn siad siúd a bhfuil an cúpla focal agus leibhéal measartha tuisceana acu i Leibhéal 2. Baineann Leibhéal 3, nó níos airde má bhíonn sé sin ar fáil, leo siúd a bhfuil méid áirithe de labhairt na Gaeilge acu nó atá measartha líofa.

An bhfoghlaimím léamh agus scríobh na Gaeilge?Díríonn na cúrsaí, don chuid is mó, ar an Ghaeilge labhartha agus is iad na hardleibhéil amháin a bhíonn ag plé le méid áirithe léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Déanann muid iarracht na foghlaimeoirí a spreagadh le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí nach mbeadh deis acu iad a dhéanamh san áit a bhfuil siad ina gcónaí.

Cad é faoin ghramadach?Ní chuireann muid béim iomarcach ar chúrsaí gramadaí! Moltar do na foghlaimeoirí sna ranganna éagsúla nóta a dhéanamh de cheist ghramadaí ar bith a bhíonn acu agus dírítear ar na ceisteanna sin a shoiléiriú ar feadh ceathrú uaire ag deireadh gach seisiúin. Scaipeann na múinteoirí bileoga ag plé le ceisteanna tábhachtacha gramadaí.

Céard atá éagsúil faoin Scoil Samhraidh Teanga is Cultúir?Ba é seo an chéad chúrsa riamh ag Oideas Gael sa bhliain 1984 agus cuireann muid an clár seo ar fáil fós gach samhradh ag deireadh mhí Iúil. Cuirtear ranganna teanga ar fáil ar maidin amháin, ag seacht nó ocht gcinn de leibhéil. Roghnaíonn na rannpháirtithe ceardlann gach tráthnóna as réimse leathan gníomhaíochtaí ar nós damhsa seite, amhránaíocht ar an sean-nós, siúl, drámaíocht, seinm na feadóige, béaloideas, srl. Bíonn ceolchoirmeacha, léamhanna filíochta, agus léachtaí gach oíche.

Cén chanúint a úsáidtear agus an teanga á múineadh?Síleann muid gurb í an chuid is tábhachtaí dár gcur chuige ná teagascóirí gairmiúla ardoilte ardaidhmeannacha a úsáid. Bheadh taithí ag an chuid is mó acu a bheith ag múineadh in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann agus bheadh cur i láthair soiléir acu dá bhrí sin is cuma cén chanúint atá acu féin. Beidh béim éigin ar chanúint Uladh de bharr gur i gCúige Uladh atá Oideas Gael suite, ach ní ar aimhleas na gcanúintí eile. Braitheann muid go mbíonn cúrsaí canúna ina ábhar rómhór buartha d’fhoghlaimeoirí in ionad díriú ar chroí na teanga féin. Is í an taithí atá againn ná go gcuireann daoine béim ar chanúint faoi leith in am tráth, ar chúiseanna difriúla, ach i ndiaidh dóibh caighdeán áirithe líofachta a bhaint amach ar dtús báire. Tá aithne againn ar go leor sármhúinteoirí a bhfuil canúint Thóiceo, Brooklyn, nó Chicago acu!

Cad iad na téacsanna a bhíonn in úsáid?Baineann múinteoirí Oideas Gael leas as ábhair de chuid teangeolaithe mór le rá cosúil le Éamonn Ó Dónaill, a bhfuil cáil ‘Now You’re Talking’ air, mar aon le go leor ábhair dhea-ullmhaithe eile. Tugann muid saoirse phearsanta dár gcuid múinteoirí chun úsáid a bhaint as acmhainní eile a thaitníonn leo. Bíonn éagsúlacht i gceist le rang ar bith atá go maith! Baineann muid leas as croíchúrsa maith fosta, agus múintear beannachtaí, rólghníomhaíochtaí, amhráin, nathanna cainte agus cluichí teanga. Foghlaim fhuinniúil thaitneamhach atá mar aidhm againn.

An mbainfidh mé sult as?Bíonn iontas ar an chuid is mó daoine faoin oiread taitnimh is a bhaineann siad as an taithí a bhíonn acu le hOideas Gael. Níos mó ná foghlaim teanga atá i gceist leis! Éiríonn daoine mór le cairde nua ó thart timpeall an domhain agus cinntíonn dinimic an chúrsa gur saoire den scoth í an taithí iomlán (na seisiúin sna tithe tábhairne san áireamh).