Gleann Fhinne

Tá An Coimín suite i nGleann Fhinne, ar imeall na gCruach Gorm, réigiún maorga sléibhtiúil i gcroílár Dhún na nGall.

Tá iomrá ar an áit as saibhreas an traidisiúin bhéil ann, agus as feabhas a chuid amhránaithe agus damhsóirí sean-nóis. Cuireann na cúrsaí a eagraímid sa timpeallacht bhríomhar Gaeltachta seo ar chumas ag rannphairtithe caidreamh sóisialta agus cultúrtha a dhéanamh leis an phobal spreagúil seo a bhfuil talainn iomadúla ag óg agus aosta ann.

I nGleann Cholm Cille atá na cúrsaí go léir suite ach amháin má tá a mhalairt ráite san fhéilire cúrsaí.

Bíonn ár gcuid cúrsaí anseo ar siúl i bhfoirgneamh nuathógtha Scoil Náisiúnta an Choimín.