Saibhreas na Gaeilge (Toraigh)

Is áit ar leith é Toraigh a bhfuil saibhreas Gaeilge agus saol traidisiúnta ann nach bhfuil a sárú le fáil. Tá cúrsa speisialta á thairiscint ag Oideas Gael ann arís i mbliana do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu cheana féin agus a bhainfidh sult agus sásamh as seal gearr a chaitheamh ar an oileán. Cuimsíonn clár an chúrsa meascán suimiúil de ranganna, ceardlanna agus imeachtaí.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 22 Meitheamh 2024 — Dé hAoine, 28 Meitheamh 2024
Saibhreas na Gaeilge (Toraigh) LÁN! Toraigh €240 Cláraigh

Cén cineál cúrsa é?

Beidh an cúrsa ag díriú ar leaganacha cainte, logainmneacha, seanchas Dhún na nGall agus oidhreacht na litríochta. Beidh teorainn c.35 duine le líon na rannpháirtithe agus tabharfar tús áite dóibh siúd a bhí ar chúrsa de chuid Oideas Gael cheana féin sula nglacfar le hiarrataisí eile.

Clár ama

Dé SathairnBád go Toraigh agus lóistín a shocrú (4pm)
Fáiltiú ar an oileán
Seisiún Ceoil

Dé DomhnaighSiúlóid threoraithe thart ar an Oileán (3-5pm)

Dé Luain - Dé hAoineRanganna Gaeilge ar dhá leibhéal (10am-1pm)
Balor & Scéalaíocht na Miotaseolaíochta; Logainmneacha an cheantair; Scéalaíocht & Seanchas; Cuairteoirí cáiliúla ar Thoraigh; Naomh Colm Cille (3-5pm)
Amhránaíocht an Oileáin; Seanchas na Mara; Litríocht Thoraí agus Chloch Cheann Fhaola; Damhsa (9pm - ach amháin Dé hAoine)

Dé hAoineSlán le Toraigh (1pm)

Lóistín & Taisteal

Ní mór do rannpháirtithe bád farantóireachta a ghlacadh chun ionad an chúrsa a bhaint amach. Socrófar do rogha lóistín i ndiaidh duit clárú don chúrsa i gcomhar le foireann Oideas Gael. Níl ach líon áirithe seomraí ag gabháil leis na roghanna éagsúla lóistín. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin rannóg Lóistín & Taisteal ar an suíomh seo.

Comhairle phraiticiúil

Eagrófar cuid de na himeachtai amuigh faoin aer: ní mór a chinntiú, mar sin, go mbeidh éadach maith báistí, bróga compordacha siúil agus tóirse leat. Tugtar comhairle duit d'árachas taistil féin a bheith agat. Ní ghlacann Oideas Gael freagracht ar bith as sábháilteacht na rannpháirtithe a ghlacann páirt in aon imeachtaí atá eagraithe faoi choimirce Oideas Gael.

Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn má tá ceist ar bith agat faoin chúrsa.