Áiseanna sa Cheantar

An bhfuil a fhoirgneamh féin ag Oideas Gael?Tá. Nuair a thosaigh ár gcuid cúrsaí don chéad uair sa bhliain 1984, ba í an scoil áitiúil a bhí in úsáid againn. De réir mar a tháinig ráchairt ar na cúrsaí, áfach, d’éirigh linn maoiniú a mhealladh agus thóg muid campas beag s’againn sa bhliain 1991. Tá seomraí ranga, leabharlann, seomra ríomhaireachta, gréasán gan sreang leathanbhanda atá saor in aisce do rannpháirtithe na gcúrsaí, oifigí agus spás taispeántais san fhoirgneamh a tógadh, ‘Foras Cultúir Uladh’. Tá bialann darb ainm ‘An Chistin’ againn fosta, atá faoi shaincheadúnas ag teaghlach áitiúil agus a chuireann béilí ar fáil i rith na bliana. Tá siopa leabhar dár gcuid féin againn atá dírithe ar chúrsaí foghlama Gaeilge, dlúthdhioscaí ceoil, leabhair, cártaí beannachta, srl.

Cén sórt ceantair é Gleann Cholm Cille?Dar linne, ar ndóigh, is é an áit is áille ar domhan é agus is iomaí duine a bhfuil an tuairim chéanna acu! Gleann atá ann a bhfuil sléibhte Thír Chonaill ar thrí thaobh de agus a osclaíonn amach ar aigéan fiáin an Atlantaigh. Is ceantar measartha beag é agus is féidir siúl beagnach gach áit ann.

Cad é eile atá le déanamh?Tá iarsmalann ar dóigh darb ainm An Clachán, a bhfuil tithe atógtha ann a thugann léargas ar shaol mhuintir na háite anseo thar na céadta bliain. Tá roinnt tránna iontacha sa Ghleann (ach ní mór duit a bheith airdeallach i gcónaí agus sruthanna mírialta ann). Tá iomrá ar an cheantar a bhuí lena siúlóidí dúshlánacha ardáilleachta, go háirithe ar Shliabh Liag. Tá idir iascaireacht farraige, locha agus abhainne ann; tá an cúrsa gailf is gaire dúinn suite i bPort Nua (18 míle). Tithe tábhairne cearta Conallacha atá sa cheantar agus cloistear réimse fairsing ceoil iontu, go háirithe ceol traidisiúnta na hÉireann. Tá cúpla bialann atá thar a bheith maith sa cheantar a chuireann bia úr áitiúil ar fáil idir bhia mara agus mhiasa traidisiúnta. Ar na buanna eile a mheallann daoine chun an cheantair tá taispeántais bheo le madraí caoraigh agus Drioglann Shliabh Liag.

An bhfuil siopaí áitiúla sa cheantar?Tá. Tá siopa grósaera sa sráidbhaile a chuireann rogha bhreá bia ar fáil, ar oscailt go 10pm gach lá. Tá siopa veigeatórach/orgánach an-mhaith darb ainm Simple Simon i mBaile Dhún na nGall. Tá sé suite ar thaobh an Diamaint – cuir ceist ar dhuine de mhuintir an bhaile!

Cá bhfuil an banc is cóngaraí?Tá an banc is gaire sna Cealla Beaga – cúig mhíle dhéag ar shiúl. Tá uathmheaisín bainc (ATM) ar fáil ar an sráidbhaile, áfach, agus glacann chóir a bheith gach siopa/bialann/srl. sa cheantar le Visa nó MasterCard.

An bhfuil neachtlainnín ann?Tá. Tá an áis seo gar d’Oideas Gael agus cuirtear seirbhís phras ar fáil.

An bhfuil seirbhísí áitiúla leighis ann?Tá. Freastalaíonn dochtúir áitiúil ar an ionad sláinte ar bhonn rialta. Tá an chógaslann is cóngaraí sna Cealla Beaga agus is féidir linn a shocrú go mbaileofaí do chuid cógas.

An féidir liom an t-idirlíon a úsáid agus mé ag freastal ar Oideas Gael?Is féidir. Tá gréasán Wi-Fi i bhForas Cultúir Uladh ar féidir leis na foghlaimeoirí a úsáid gan táille, nó is féidir leat ríomhaire rochtana poiblí a úsáid.

Conas mar a bheidh an aimsir?Ní féidir aimsir na hÉireann a thuar! Bíonn mí an Mheithimh, mí Iúil agus mí Lúnasa tirim agus te go leor, de ghnáth, le ceathanna éadroma báistí. D’fhéadfadh leis a bheith fuar inniu agus te amárach. B’fhéidir go mbeadh sé ag cur fearthainne ar maidin agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch tráthnóna. Nach cuma?

Cad iad na héadaí is fearr le tabhairt liom?Bí réidh i gcónaí le haghaidh ceathanna éadroma báistí sa samhradh. Má tá tú ag glacadh páirte in aon chúrsa a mbíonn gníomhaíochtaí lasmuigh i gceist leis, ar nós an chúrsa siúil, seandálaíocht, an cúrsa comhshaoil, grianghrafadóireacht nó péintéireacht, tóg leat bróga láidre siúil agus éadaí allamuigh nach ligeann an t-uisce isteach.