Taisteal go Gleann Fhinne

Iompar Poiblí

Ba chóir do rannpháirtithe an chúrsa taisteal ar Bhus Éireann go Bealach Féich, 8 míle ón Choimín, ar an Satharn.

As Baile Átha CliathFágann cóistí Bhus Éireann Aerfort Bhaile Átha Cliath i dtreo Bhaile Dhún na nGall go rialta gach lá. Bíonn cóistí de chuid Bhus Éireann ag imeacht as Busáras, Sráid an Stórais, ag dul díreach go Baile Dhún na nGall fosta. Moltar ticéad a cheannach ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann roimh ré. Agus tú i mBaile Dhún na nGall, déan nasc le Mearsheirbhís Gaillimh-Doire agus tuirling den bhus i mBealach Féich.

As Béal FeirsteFaigh an bus go dtí An Srath Bán agus déan nasc go Srath an Urláir/Bealach Féich.

Ar theacht duit go Bealach Féich, ba cheart dul go hÓstán Jackson. Baileoidh duine d’fhoireann Oideas Gael ansin thú. Tiocfaidh sé/sí go dtí an tÓstán go rialta ó 16.00 ar aghaidh ar an Satharn.

Bus Éireannbuseireann.ie

Feda Ó Dónaillfeda.ie

Ulsterbustranslink.co.uk

Ag Tiomáint

ó Bhaile Átha Cliath150 míle trí Chill Dhéagláin, Muineachán, an Ómaigh, An Sráth Bán agus Bealach Féich

ón tSionainn220 míle trí Ghaillimh, Sligeach, Baile Dhún na nGall agus Bealach Féich

ó Bhéal Feirste120 míle trí Dhoire, Srath an Urláir agus Bealach Féich

Ag taisteal duit as Bealach Féich, téigh ar bhóthar na nGleanntaí ar feadh 4 míle; nuair a thiocfaidh tú go cor géar ar dheis sa bhóthar feicfidh tú mionbhóthar ag leanacht díreach ar aghaidh (tá seanséipéal idir an dá bhóthar); tóg an mionbhóthar seo i dtreo an Choimín. Bíonn cúrsaí Oideas Gael ar siúl i Scoil Náisiúnta an Choimín (8 míle ar shiúl ó Bhealach Féich).

As Gleann Cholm Cille

Cuirfidh Oideas Gael taisteal go dtí An Coimín ar fáil sa chás go mbeidh tú i ndiaidh cúrsa a chríochnú i nGleann Cholm Cille. Má bhíonn ort imeacht as Gleann Fhinne chun freastal ar chúrsa i nGleann Cholm Cille, cuirfidh Oideas Gael modh taistil ar fáil duit ón Choimín.