Cruinneas sa Ghaeilge

Tá na cúrsaí seo dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu ar mian leo cur lena gcruinneas scríofa agus labhartha agus a stór focal a shaibhriú chomh maith.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 6 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 13 Iúil 2024
Cruinneas sa Ghaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 3 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 10 Lúnasa 2024
Cruinneas sa Ghaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?

Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán ard Gaeilge labhartha acu, a bhfuil roinnt eolais acu cheana ar ghramadach na teanga ach ar mian leo eolas níos fearr a fháil uirthi. Tá sé oiriúnach do dhaoine a úsáideann an Ghaeilge go rialta ina gcuid oibre, mar shampla múinteoirí, craoltóirí, iriseoirí agus scríbhneoirí. Tá sé fóirsteanach chomh maith do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge san ollscoil. Beidh an bhéim ar scríobh agus ar léamh na teanga ach beidh gníomhaíochtaí cainte i gceist chomh maith.

Ábhar agus gníomhaíochtaí

Ní mhúinfear ach gramadach atá úsáideach agus a chuideoidh leis na rannpháirtithe agus iad ag úsáid na teanga go laethúil. Múinfear rialacha agus ansin tabharfar deis do na rannpháirtithe iad a chur i bhfeidhm sa chaint agus sa scríobh. Tabharfar tús áite don Chaighdeán Oifigiúil seachas do chanúint faoi leith ar bith.

Seo cuid de na nithe a bheidh i gceist sa chúrsa:

  • foclóir nua-aimseartha ag baint le réimsí mar na meáin chumarsáide agus cúrsaí reatha;
  • cleachtaí éisteachta ina mbeidh béim faoi leith ar chúrsaí nuachta;
  • cleachtaí scríbhneoireachta, mar léirmheasanna gairide, litreacha agus achoimrithe;
  • cluichí agus comórtais ghramadaí
  • cora cainte úsáideacha atá le fáil sna canúintí éagsúla;
  • cleachtaí cainte, mar dhíospóireachtaí agus rólghníomhaíochtaí.

Modh múinte

Chomh maith le hobair aonair, beidh obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist sna ranganna. Beidh téacsleabhar gramadaí ar díol ag tús an chúrsa agus cosnóidh sé seo €15.

Teagascóir

Beidh an teagascóir ina chainteoir dúchais le taithí ar leith i dteagasc na gramadaí. Is é Éamonn Ó Dónaill MA, a leag amach an cúrsa atá bunaithe ar an téacsleabhar a scríobh sé, Gramadach gan Stró. Ba é Éamonn an comhordaitheoir teanga a bhí ar an tsraith teilifíse d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, Turas Teanga, agus a scríobh an leabhar agus scripteanna na ndlúthdhioscaí atá mar chuid den chúrsa ilmheán sin. Is é comhúdar Now You’re Talking mar aon leis an dá leabhar do mhúinteoirí, Abair Leat!, chomh maith. Tá Éamonn ag múineadh Gaeilge ó bhí 1981 ann agus é ina stiúrthóir ar Gaelchultúr Teoranta anois.