Agus tú ag freastal ar an chúrsa ar Shaibhreas na Gaeilge ar Oileán Thoraí is iad seo a leanas na roghanna ar féidir le hOideas Gael a chur in áirithe duit. Nuair a dhéanfaidh tú clárú ar an chúrsa, cuirfidh tú in iúl dúinn an rogha lóistín ab fhearr leat mar chuid den phróiseas áirithinte. Ní ghearrfar táille lóistín ort láithreach, áfach: íocfaidh tú as an lóistín le linn do shaoire go díreach leis an ionad lóistín féin.
Níl ach líon áirithe seomraí ag gabháil le gach ceann de na roghanna thíos. Thig leat a chur in iúl más fearr leat seomra singil agus tú ag clárú ar líne ach ar an dóigh chéanna níl ach líon teoranta seomraí singile ar fáil. Déanfaidh Oideas Gael a dhícheall le cinntiú go gcuirfear tú sa rogha lóistín ab fhearr leat ach ní thig linn a dheimhniú go mbeidh sin ar fáil. Is fiú, ar an ábhar sin, clárú go luath don chúrsa. Is féidir tuilleadh eolais fá dtaobh de chúrsaí lóistín ar Oileán Thoraí a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn.
Leis an rogha seo, fanfaidh tú i seomra óstáin en suite. Tá teach tábhairne agus bialann san óstán. Íocfaidh tú an t-óstán go díreach le linn do shaoire.
Leis an rogha seo, beidh tú ag fanacht i mbrú óige an oileáin. Ionad dea-chóirithe é seo a chuireann idir sheirbhísí brú agus leaba agus bricfeasta ar fáil. Íocfaidh tú an brú go díreach le linn do shaoire.
Leis an rogha seo, fanfaidh tú i gceann de roinnt seomraí leapa i dteach a roinnfidh tú le rannpháirtithe eile a bheidh ar an chúrsa. Beidh cistin chomhchoiteann agus áiseanna eile ar fáil ann, faoi mar a bheadh i mbrú. Íocfaidh tú úinéir an tí go díreach le linn do shaoire.
Leis an rogha seo, beidh tú ag fanacht le teaghlach Gaeltachta i dtithe a roghnaítear go speisialta agus cuirfear bricfeasta ar fáil. Íocfaidh tú muintir an tí go díreach le linn do thréimhse ansin.
Ionad BhalorSiopa ceardaíochta agus caifé
+353 (0)74 913 5502
Gailearaí DixonDánlann
+353 (0)74 913 5011
Club Sóisialta Oileán ThoraíBia ar fáil
+353 (086) 876 3754
Rothair ar Cíos (ón Óstán)+353 (0)74 913 5920
Is féidir tuilleadh eolais i dtaca le háiseanna agus saol an oileáin a fháil ó Chomharchumann Thoraí Teo:
Comharchumann Thoraí Teooileanthorai.com
ccthorai@gmail.com
+353 (0)74 913 5502