Ag Cur Eolais ar an Timpeallacht

Oidhreacht an réigiúin, idir dhúlra agus dhúchas an chine dhaonna, a scrúdú trí sheisiúin cur-i-láthair ar maidin agus turais threoraithe tráthnóna.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 1 Iúil 2023 — Dé Sathairn, 8 Iúil 2023
Ag Cur Eolais ar an Timpeallacht LÁN! Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

Is ann do Ghleann Cholm Cille an lae inniu de thoradh na mbealaí éagsúil a chuaigh an duine agus an dúiche i bhfeidhm ar a chéile leis na mílte bliain anuas. Tugann an cúrsa seo léargas ar oidhreacht nádúrtha agus oidhreacht dhaonna ghleann iontach seo Naomh Colm Cille.

Ar na seisiúin phlé áirítear: an tírdhreach roimh theacht an duine; mar a chuaigh na chéad áitritheoirí i bhfeidhm; na portaigh mar aon lena bplandaí agus a n-ainmhithe; patrúin úsáide na talún agus téamaí eile de chuid an chomhshaoil.

Clár

Sraith cainteanna léiritheacha ar maidin mar aon le siúlóidí treoraithe tráthnóna a chuimsíonn leagan amach an chúrsa. Níl na siúlóidí ródheacair ach teastaíonn meánleibhéal corpacmhainne mar sin féin. Ba cheart do rannpháirtithe bróga siúil agus feisteas fearthainne a thabhairt leo.

Dé DomhnaighRéamhrá
Flóra na hÉireann
Siúlóid go dtí An Trá Bhán

Dé LuainPortaigh na hÉireann
Flóra, Fána, Stair, Caomhnú
Siúlóid Portaigh

Dé MáirtAn duine i luathstair na hÉireann
Nósanna maireachtála, foirgnimh, tuamaí, tionchar ar an chomhshaol
Siúlóid thart ar na tuamaí Neoiliteacha ar an Mhálainn Mhóir

Dé CéadaoinGnáthóga Éireannacha atá faoi bhagairt
Móinéir, córais dhumhcha, bláthanna fiáine
Siúlóid Dúlra i nGleann Cholm Cille

DéardaoinAn Luath-Chríostaíocht i nGleann Chom Cille, tobair bheannaithe
Siúlóid - Turas Cholm Cille

Dé hAoineÁitribh thraidisiúnta, córais páirceanna, logainmneacha
Cuid de Shliabh Liag nó cuid den turas go dtí An Port a shiúl