Gleann Cholm Cille

Tá Oideas Gael lonnaithe i nGleann Cholm Cille, in iardheisceart Chontae Dhún na nGall. Tá an ceantar Gaeltachta seo atá ainmnithe as Naomh Colm Cille suite i gceantar leithinis Shliabh an Liag a bhfuil cáil air mar gheall ar a radharcanna áille.

Tá clú ar an réigiún fosta as saibhreas a thraidisiúin chultúrtha agus cheoil agus as na háitribh réamhstairiúla ann, gan trácht ar na háiseanna den scoth atá cruthaithe san áit, mar An Clachán iomráiteach a bhunaigh an tAthair Mac Daidhir. Mar thionscnamh de chuid an phobail a cruthaíodh é, saothar a bhfuil obair Oideas Gael ag cur leis i rith an ama. Rinneadh mórfhéile chultúrtha na Gaeilge, An tOireachtas, a chomóradh san áit i mí Dheireadh Fómhair 1989.

I nGleann Cholm Cille atá na cúrsaí go léir suite ach amháin má tá a mhalairt ráite san fhéilire cúrsaí. Bíonn cuid dár gcúrsaí ar siúl i nGleann Fhinne sa Ghaeltacht Láir gach bliain fosta.

Foras Cultúir Uladh

Is é Foras Cultúir Uladh atá ina láthair d'imeachtaí iomadúla Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, ionad a bhfuil áiseanna aige (ar a n-áirítear leathanbhanda gan sreang atá ar fáil gan chostas do rannpháirtithe) a dearadh d'aon turas le cúram a dhéanamh do shainriachtanais lucht foghlama na Gaeilge agus do lucht an chláir chultúrtha.