Níl aon bhealach mór ann a thabharfas go Gleann Locha tú, ná fiú cosán sléibhe. Tá an gleann seo in iardheisceart Dhún na nGall chomh hiargúlta agus atá sé álainn mórthaibhseach maorga. Mheall sé cuairteoirí iomráiteacha, mar sin féin. Ina measc tá an t-ealaíontóir Meiriceánach Rockwell Kent, an file Breatnach Dylan Thomas agus, de réir tréan seanchais sa cheantar, Séarlas Óg, an prionsa a d’éiligh coróin na Breataine. Meascann an cúrsa seo an stair, an ealaín, an fhilíocht agus an stair áitiúil chun áit ar leith a chur os ár gcomhair.
Teideal | Suíomh | Praghas | |
Dé hAoine, 2 Bealtaine 2025 — Dé Luain, 5 Bealtaine 2025
|
|||
Ar an Bhealach go Gleann Locha | Gleann Cholm Cille | €120 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 23 Lúnasa 2025 — Dé Sathairn, 30 Lúnasa 2025
|
|||
Ar an Bhealach go Gleann Locha | Gleann Cholm Cille | €210 | Cláraigh |
Cuirfidh rannpháirtithe an chúrsa eolas ar scéal ríspéisiúil na gcuairteoirí seo agus ar an seal a chaith siad sa ghleann:
Ach ní hiad na maithe agus na móruaisle amháin a bhfuil scéal le hinsint acu. Fíorlaochra Ghleann Locha is ea daoine a shaothraigh a mbeatha ann. Dá réir sin, beidh muintir an Ghleanna, a slí bheatha, agus a gcuid caitheamh aimsire lárnach sa chúrsa, ón talmhaíocht, iascaireacht, agus obair an phortaigh go dtí an stiléireacht agus an ceol.
Úsáidfear meascán de léachtaí, cuir i láthair, siúlóidí treoraithe, seisiúin plé sa seomra ranga, agus cuairteanna ar láithreacha stairiúla chun scéal Ghleann Locha a insint. I mbliana, táthar ag tairiscint idir chúrsa seachtaine agus chúrsa deireadh seachtaine. Clúdófar na téamaí céanna sa dá chúrsa ach, ar ndóigh, beifear ábalta breis gnéithe den scéal a chíoradh mar chuid den chúrsa níos faide.
Nóta: Ach amháin san aimsir is fearr, siúlóid measartha dian (2–3 uair an chloig) atá ann go Gleann Locha ón bhóthar is cóngaraí. Dá bhrí sin, ní thabharfar cuairt ar an láthair le linn an ghearrchúrsa deireadh seachtaine. Ina ionad sin, tabharfaidh na rannpháirtithe cuairt ar shuíomhanna tábhachtacha eile a bhaineann go dlúth le scéal Ghleann Locha, amhail leis an Phort agus an Mhálainn Bhig. Beifear ag súil le deis a thabhairt dóibh siúd a bheidh ag freastal ar an chúrsa seachtaine Gleann Locha a bhaint amach. Tabharfar rogha imeachtaí eile do dhaoine nach bhfuil ábalta siúlóid fhada a dhéanamh ar an lá sin.
Údar agus iar-phríomhoide bunscoile é Críostóir Mac Giolla Easbuig a bhfuil suim faoi leith aige sa stair a bhaineann le Naomh Colm Cille. Lena chois sin, chaith sé breis agus 15 bliain ag déanamh taighde ar scéal Ghleann Locha, na daoine a chónaigh ann agus na cuairteoirí iomráiteacha a chaith seal san áit. Is é an leabhar The Road to Glenlough—mórshaothar 684 leathanach lándaite a foilsíodh sa bhliain 2023—toradh na hoibre sin. Bhí an leabhar sa bhabhta ceannais ag Gradaim Dhomhanda na Leabhar Neamhspleách 2024.