Foireann

Na Stiúrthóirí

Tá iomrá idirnáisiúnta ar an bheirt stiúrthóirí, Liam Ó Cuinneagáin agus an tOllamh Seosamh Watson, de bharr a gcur chuige nuálaíoch maidir le foghlaim teanga.

Liam Ó CuinneagáinChaith Liam breis is fiche bliain ina mhúinteoir agus ina phríomhoide bunscoile i mBaile Átha Cliath agus tá sé i ndiaidh an teanga a mhúineadh ag gach aon leibhéal. Tá iomrá air mar ghníomhaí teanga. Chaith sé dhá thréimhse, de dheich mbliana san iomlán, mar Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta, an t-údarás stáit a bhfuil leas chultúr agus geilleagar na Gaeltachta trí chéile mar chúram air.

An tOllamh Seosamh WatsonScoláire iomráiteach Gaeilge, as Béal Feirste ó dhúchas, é Seosamh, agus é ina Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is cainteoir líofa Gàidhlig é fosta agus tá cur amach iontach aige ar Albain agus ar Albain Nua. Bíonn sé ina ollamh ar cuairt ag go leor ollscoileanna idirnáisiúnta.

Bainisteoir Cúrsaí

Rónán Ó DochartaighMar fhorbróir bogearraí, chuidigh Rónán le cuid de na tionscadail is mó ar domhan sna daonnachtaí digiteacha a thógáil, amhail Dúchas - tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireannn (www.duchas.ie). Taobh leis sin, tá sé ag dearadh cúrsaí agus ag teagasc Gaeilge do dhaoine fásta in ollscoileanna agus in ionaid éagsúla le breis agus 15 bliain. Ina Theagascóir Teanga ar Chlár Fulbright in Ollscoil Notre Dame 2011-2012. Tá sé ina Bhainisteoir Cúrsaí le hOideas Gael ó bhí 2019 ann.

Bainisteoir Oifige

Siobhán Ní ChurraighínAs Teileann, Co. Dhún na nGall ó dhúchas, tá breis agus 30 bliain taithí ag Siobhán i mbun cúrsaí do dhaoine fásta a riar. Sealanna caite aici ar mhórán coistí forbartha pobail agus bhí sí ina Rúnaí ar Bhord Chairdeas na bhFidléirí, eagraíocht atá tiomanta do thraidisiún fidléireachta Dhún na nGall a neartú ina chontae dúchais.