Dóibh siúd ar mian leo barr feabhais agus dul na Gaeilge a chur ar a gcuid cainte agus scríbhneoireachta. Déanfar mionscrúdú ar théacsanna ó chainteoirí dúchais iomráiteacha agus ón litríocht i dtréimhsí éagsúla.
Teideal | Suíomh | Praghas | |
Dé Sathairn, 16 Lúnasa 2025 — Dé Sathairn, 23 Lúnasa 2025
|
|||
Dúchas na Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán ard acu cheana i dtaca le labhairt agus scríobh na Gaeilge. Beidh sé ag fóirstean dóibh siúd ar mian leo cora cainte dúchasacha na Gaeilge a bheith ar a dtoil acu, Béarlachas a aithint agus a sheachaint, an teanga a shaothrú i réimsí úra dá saol, agus dul i ngleic le mioncheisteanna a bhaineann le cúrsaí stíle agus réime. Bainfidh rannpháirithe atá i ndiaidh freastal ar shainchúrsaí teanga eile de chuid Oideas Gael, amhail le Cruinneas sa Ghaeilge nó Béaloideas Thír Chonaill, tairbhe ar leith as an tseachtain seo.
Úsáidfear eiseamláirí den dea-chaint agus den deisbhéalaíocht, i bhfoirm téacsanna scríofa agus éisteachta ilchineálacha, mar thaca le clár staidéir idirghníomhaíoch. Seo cuid de na nithe a bheidh i gceist sa chúrsa:
Is é Dubhán Ó Longáin a cheap an cúrsa seo agus a bheidh i mbun an teagaisc. Bhronn Ollscoil Uladh dochtúireacht air de thairbhe a chuid taighde ar na laoithe Fiannaíochta. Tá idir fhilíocht agus ghearrscéalaíocht foilsithe ag Dubhán agus duaiseanna aige sa dá réimse. IDEO Locator (2020) an teideal atá ar a chéad chnuasach filíochta agus foilsíodh gearrscéalta agus cuid mhór léirmheasanna leis i ndíolaimí agus i dtréimhseacháin éagsúla. Tá sé ag obair ar chnuasaigh eile faoi láthair.