Tá saibhreas teanga agus ceoil ag baint le traidisiún amhránaíochta na Gaeilge, traidisiún atá beo bríomhar i gcónaí. Dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, cuirfidh tú eolas ar amhráin ón traidisiún céanna faoi stiúir amhránaí aitheanta le linn an chúrsa deireadh seachtaine seo.
Teideal | Suíomh | Praghas | |
Dé hAoine, 14 Márta 2025 — Dé Luain, 17 Márta 2025
|
|||
An Amhránaíocht | Gleann Cholm Cille | €120 | Cláraigh |
Breathnófar ar rogha amhrán i rith an chúrsa, agus roinnt a bhaineann le Tír Chonaill agus le Cúige Uladh. Tabharfar míniú ar fhocla na n-amhrán agus déanfar plé ar an chúlra agus an chiall a bhaineann leo. Díreofar ar fhuaimniú ceart na bhfocal agus beidh seans ag gach duine a bheith ag ceol i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha. Is minic a fhaightear léargas ar nathanna cainte nó ar chultúr agus stair na hÉireann sna hamhráin. Deis iontach atá anseo cur le do thuiscint ar an teanga agus do stór focal a shaibhriú.
Tugtar do d’aire go bhfuil an cúrsa seo dírithe ar thosaitheoirí agus ar dhaoine a bhfuil meánleibhéal Gaeilge acu. Más cainteoir Gaeilge líofa thú, seans go mbainfeá tairbhe níos fearr as Scoil Samhraidh Teanga & Cultúir Oideas Gael i mí Iúil, áit a mbíonn ceardlanna amhránaíochta ar an tsean-nós gach bliain.
Is amhránaí agus fidléir í Ellie Nic Fhionnghaile a rugadh agus a tógadh i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall. Tá sí ina hamhránaí leis na grúpaí ceoil Anúna agus Systir. Tá céim sa Cheol Feidhmeach aici ó Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus is í Oifigeach Cumarsáide Na Píobairí Uileann i láthair na huaire.